Ríoghna Ashford at Ormston House

Bhí fear ann fadó,
agus is fadó a bhí.

Dá mbeadh sé anois ann,
ní bheadh sé an uair sin ann,
agus dá mbeadh sé anois nó an uair sin ann,
bheadh scéal nua nó seanscéal aige.

Sin nó bheadh sé gan aon scéal,
agus más fearr atá sé agamsa inniu,
go mba seacht fearr a bheas sé agaibhse bliain ó inniu agus,
más fearr nó mura fearr, nár chaille sibh leis ach stiall den ghiall,
réise den charbad,
péire de na clárfhiacla,
nó an dá starróg is faide siar in bhur gceann.

 

– Ríoghna Ashford

Image